13 Deireadh Fómhair 2008: Cuireann an Chomhairle Ealaíon a brón in iúl ar bhás Sydney Bernard Smith

Is oth leis an gComhairle Ealaíon Sydney Bernard Smith a bheith ar shlí na fírinne. Fuair an tUasal Smith bás Dé Sathairn, 11 Deireadh Fómhair
 
Ag labhairt di mar gheall ar an gcailliúint, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Is trua leis an gComhairle bás Sydney Bernard Smith, a bhí ina scríbhneoir nuálaíoch ilsaothrach chomh maith le bheith ina chraoltóir, ina aisteoir agus ina stiúrthóir. Bhí an-éirim aigne aige agus bhí meas mór air mar bhall d'Aosdána.  Bhí sé fial flaithiúil lena chuid ama agus ba mhinic é ag tabhairt cuairteanna ar scoileanna nuair a chuir an Chomhairle Ealaíon tús le Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna.  Cailliúint mhór is ea a bhás d'ealaín na hÉireann agus tá ár smaointe lena mhuintir."

Rugadh Sydney i nGlaschú i 1936 agus tógadh i bPort Stíobhaird i gContae Dhoire é. Chuaigh sé i mbun staidéir ag Ollscoil Oxford agus chaith sé 25 bliain ina chónaí ar an taobh thiar den tSionainn agus é ag cur faoi in Inis Bó Finne den chuid ba mhó.  Chaith sé 15 bliana mar mhúinteoir in Éirinn, sa Spáinn, sa Ghearmáin agus i SAM.
 
Craoladh saothair dá chuid ar RTÉ, ar an BBC agus ar Chainéal 4 (RA). Cuireadh saothair leis ar stáitse in Éirinn, ar Imeall Fhéile Dhún Éadain agus i SAM. 

I measc na gcnuasach filíochta leis tá Girl With Violin (The Dolmen Press [Éigse Éireann Eagráin 3], Baile Átha Cliath 1968); Priorities (Raven Arts Press, Baile Átha Cliath 1979); Sensualities (Raven, 1981); Scurrilities (Raven 1981), agus New and Selected Poems (Raven, 1984).

Ar a chuid drámaí tá Sherca (1976, arna fhoilsiú ag Newark, Del, Proscenium Press, 1979); Don Bosco, Grainne and the Dole (1977); The Impertinence of being Frank (1978); The Illaunapsppie Triangle (1978); Houseparty (1979); Swim Away Babies (1984); On Course for Brazil (1985); How to Roast a Strasbourg Goose (Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, 1985); Up for Bloomsday (1985); The 2nd Grand Confabulation of Drum Ceat (Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, Amharclann Andrews Lane, 1989); Reason not the Need (1992); agus The Shaming of the True (1995).

Foilsíodh úrscéal amháin dá chuid, Flannery (Baile Átha Cliath, Odell & Adair, 1991). Foilsíodh dara ceann dá chuid The Book of Shannow, in irisí liteartha den chuid ba mhó.

Déanaimid comhbhrón ó chroí lena theaghlach agus lena chairde".

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)