Tá canadh i gcóir ar na gníomhartha ealaíona is mó a dhéantar in Éirinn, agus glacann os cionn 10,000 duine páirt i 400 grúpa córúil ó cheann ceann na tíre, mar atá léirithe i dtuarascáil nua de chuid na Comhairle Ealaíon.
Léirítear go mbaineann daoine ó réimse leathan sóisialta taitneamh as canadh i gcór in Raising your Voice, lena n-áirítear daoine idir aois an-óg agus seanóirí.
Beidh ról lárnach ag an gComhairle Ealaíon i bhforbairt na hearnála amach anseo. Sa ról seo, glacfar le cur chuige straitéiseach atá nua agus níos gníomhaí, cuirfear leis an tiomantas mór deonach atá ann cheana féin, agus gheofar luach maith ar an infheistíocht phoiblí ón gcur chuige seo.
Dúirt Pat the Cope Gallagher, TD, Cathaoirleach ar Chomhchoiste an Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Thurasóireachta, Pobail, Tuaithe agus na Gaeltachta, "mar a léiríonn an tuarascáil seo, tá an ceol córúil agus rannpháirtíocht i gcanadh córúil an-choitianta in Éirinn sa lá atá inniu ann." Tá an ceol córúil ar cheann de na príomhbhealaí ina dtéann daoine sa tsochaí i dteagmháil le ceol, agus ina nglacann siad páirt ann."