Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil di faoi bhás James Byrne, an fidléir ó Dhún na nGall, ar an Aoine (7 Samhain).
Ag labhairt di inniu, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Bhí James Byrne ar dhuine de mhórlaochra cheol traidisiúnta na hÉireann, bhí teicníc agus stíl sheanma den scoth aige agus is mór an cailleadh é. Bhí luachanna a chuid ealaíne le fáil ann féin, ag tabhairt ceol agus cultúr ar aghaidh do na glúine amach romhainn agus thug sé spreagadh do mhórán ceoltóirí. Déanaimid comhbhrón lena bhean Connie, lena dteaghlach agus lena gcairde".
Bhí James Byrne ar dhuine de na léiritheoirí arbh fhearr aithne de thraidisiún fada fidle Ghleann Cholm Cille agus measadh go raibh sé ar dhuine de phríomhfhidléirí na hÉireann sa lá atá inniu ann.
Rugadh i Mín na Croise, Gleann Cholm Cille, in Iardheisceart Dhún na nGall é agus tógadh é i dtimpeallacht cheoil - sheinn a athair John agus mórán dá chomharsana an fhidil, agus bhuail Mickey agus John Doherty isteach chucu go minic agus chaith siad mórán ama i Mín na Croise.
Bhí stóras ollmhór seanphort ar a thoil ag James, chomh maith leis na seanscéalta a bhain leo. Bhí an-éileamh air mar sheinnt