Thréaslaigh an Chomhairle Ealaíon le Grafton Architects as mórdhámhachtain a buachan ag Féile thionscanta Ailtireachta an Domhain in Barcelona.
Dámhadh an duais seo ar Grafton Architects de bharr an fhoirgnimh nua leo in Ollscoil Luigi Bocconi i gcroílár Milano. Ba í Shelley McNamara, atá ina comhstiúrthóir le Yvonne Farrell ar Grafton Architects, an chéad ailtire a toghadh riamh le bheith ina ball d'Aosdána in 2006.
Tionóladh Féile Ailtireachta an Domhain in Barcelona i mbliana. Féile uathúil í seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaothair is fearr ailtirí móra an domhain. Tháinig an Dámhachtain seo sna sála ar chion tairbhe ardmholta na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise i mbliana áit a raibh tionscadal Grafton Architects ina chuid de thaispeántas níos leithne d'ailtireacht na hÉireann.
Ag labhairt di inniu dúirt Ceann na nAmharcealaíon agus na hAiltireachta, Claire Doyle: "Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Grafton Architects as an dámhachtain shuntasach idirnáisiúnta seo a bhuachan. Léiríonn an t-aitheantas seo a tugadh d'fhoirgneamh cumasach na nAiltirí seo in Ollscoil Milano go bhfuil scoth na n-ealaíontóirí idirnáisiúnta in Éirinn anois agus ionad lárnach acu i gcónaí in ailtireacht an domhain mar gheall ar chaighdeán a gcuid oibre."