Cartlann

 

01 Deireadh Fómhair 2008: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon scéim um chlár faisnéise ealaíon nua do ealaíontóirí scannáin

Sheol an Chomhairle Ealaíon Reel Art inniu, scéim de chuid na Comhairle Ealaíon atá deartha chun deis a chur ar fáil do ealaíontóirí scannáin chun cláir faisnéise chruthaíocha agus shamhlaíocha a dhéanamh ar théama ealaíona.


29 Meán Fómhair 2008: Is cúis mhéala don Chomhairle Ealaíon bás an tsopráin Bernadette Greevy

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil di faoi bhás an tsopráin Bernadette Greevy, a d’éag Dé hAoine seo caite.


22 Meán Fómhair 2008: Tá aighneachtaí á lorg anois ag TG4, ag an gComhairle Ealaíon agus ag Bord Scannán na hÉireann!

Breathnóidh scéim Splanc! 2008 go grinn ar scannánaíocht in Éirinn mar léiriú físe ar chultúr na hÉireann agus déanfaidh sí scannánóirí comhaimseartha a cheiliúradh, i nGaeilge agus i mBéarla araon.


12 Meán Fómhair 2008: Rannpháirteachas na hÉireann ag an 11ú imeacht leathbhliantúil ailitireachta sa Veinéis

Dé hAoine 12ú Meán Fómhair 2008: D'oscail Ambasadóir na hÉireann, Seán Ó hUiginn, agus Mícheál Ó Súilleabháin, Cathaoirleach ar Culture Ireland, 'The Lives of Spaces' inniu - rannpháirteachas na hÉireann ag an 11ú Taispeántas Ailtireachta Idirnáisiúnta ag an Palazzo Guistinian Lolin sa Veinéis.


05 Meán Fómhair 2008: Molann an Chomhairle Ealaíon Ionad Dealbhóireachta nua Liatroma

Acmhainn náisiúnta atá in ionad nuachóirithe dealbhóireachta Liatroma, agus tá tábhacht straitéiseach ag baint léi le haghaidh na healaíne ar fud na tíre, a dúirt an Chomhairle Ealaíon.


04 Meán Fómhair 2008: An Comhairle Ealaíon agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le dul ag oibriú le chéile ar Thionsc

Cúis áthais don Chomhairle Ealaíon sonraí a fhógairt faoi chomhpháirtíocht le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a chabhróidh chun cuspóir na Comhairle a chur chun cinn maidir le baint níos mó a bheith ag daoine ar fud na tíre leis na healaíona.


18 Lúnasa 2008: Brón ar an gComhairle Ealaíon faoi bhás Ronnie Drew

Tá a brón faoi bhás an cheoltóra Ronnie Drew, a fuair bás ag an deireadh seachtaine, curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon.


15 Lúnasa 2008: Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas leis an Mark O’Rowe agus le hAmharclann na Mainistreach

Rinne an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas inniu le hAmharclann na Mainistreach agus leis an drámadóir Mark O'Rowe as an dámhachtain Scotsman Fringe First a bhuachan ag féile Edinburgh le Terminus.


08 Lúnasa 2008: Déanann Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon comhghairdeas le Druid agus leis an drámadóir Enda Walsh

Rinne an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas inniu le Compántas Téatair an Druid agus leis an drámadóir Enda Walshe, as ucht na dámhachtana Scotsman Fringe First a ghnóthú don dara bliain as a chéile ag Féile Dhún Éideann le The New Electric Ballroom.


05 Lúnasa 2008: Seolann an Dr. Martin Mansergh paimfléad Kevin Whelan ag an gComhairle Ealaíon

Tá paimfléad nua foilsithe ag an gComhairle Ealaíon mar chuid den tsraith Luach na n-Ealaíon, agus scríofa ag an bhfear léinn Kevin Whelan.


Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)