www.artsanddisability.com, is é an chéad suíomh gréasáin uile-Éireann é ar a bhfuil faisnéis, acmhainní agus fíricí maidir leis na healaíona agus míchumas, agus tá sé soiléir cheana féin gur uirlis riachtanach é do thuismitheoirí, do theaghlaigh, d'oibrithe comhairle, do chomhlachtaí ealaíon agus don phobal i gcoitinne. D'fhorbair An Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann an suíomh gréasáin. Beidh cártaí poist Braille, le cló mór, ar a mbealach chuig eagraíochtaí, ó thuaidh agus ó dheas, gan mhoill, ag cur i gcuimhne dóibh cá háit ar féidir an fhaisnéis luachmhar seo a fháil.
Dúirt Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann: "Bhí feasacht pobail níos mó tuillte ag ardchaighdeán na hoibre maidir leis na healaíona agus míchumas ar an oileán seo. Trí acmhainn uile-Éireann faoi na healaíona agus míchumas a thabhairt le chéile in aon fhoinse luachmhar faisnéise amháin, cruthaítear foinse spreagtha d'ealaíontóirí amach anseo; mholfainn d'aon duine a bheidh ag iarraidh faisnéise sa réimse seo leas a bhaint as an suíomh gréasáin."
Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Is léir gur comhfhiontar an-rathúil é seo ag an dá Chomhairle Ealaíon, sa tuaisceart agus sa deisceart. Táimid fíorbhuíoch de na baill d'earnáil na n-ealaíon agus an mhíchumais ar fud an oileáin, a ndeachamar i gcomhairle leo lena chinntiú go ndéanfadh ábhar agus dearadh an tsuímh riachtanais na n-úsáideoirí a shásamh. Tá an-áthas orainn go bhfaigheann an méid sin daoine aonair agus grúpaí chomh húsáideach sin ina gcuid oibre é.
Dúirt Pádraig Naughton, stiúrthóir Ealaíona agus Míchumas Éireann: "Is acmhainn nua chorraitheach é www.artsanddisability.com. Freagróidh sé raon leathan ceisteanna ar na healaíona agus míchumas a chabhróidh leis an earnáil ealaíon rannpháirteachas daoine faoi mhíchumas sna healaíona a fheabhsú, mar chruthaitheoirí agus mar thomhaltóirí araon".
Tionscadal eile le déanaí, ar thug an Chomhairle Ealaíon tacaíocht dó, ná foilseachán a dearadh le díospóireacht úr a thionscnamh ar ról ealaíona agus chultúr na nDaoine faoi Mhíchumas/na mBodhar i gcomhthéacs Éireannach. An leabhar, FACE ON: Disability Arts in Ireland and Beyond arna fhoilsiú ag Ealaíona agus Míchumas Éireann i gcomhar le Create, in 2007. Tá sé le fáil trí Create 01 4736600 nó info@create-ireland.ie.