Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil di faoi bhás an tsopráin Bernadette Greevy, a d’éag Dé hAoine seo caite.
Ag labhairt di inniu, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Is trua leis an gComhairle go mór bás Bernadette Greevy, ealaíontóir Éireannach a raibh clú idirnáisiúnta uirthi, a bhí aitheanta ar fud an domhain mar cheoltóir ceolchoirme agus mar dhuine de na meánsopráin is fearr dá linne. Bhí cáil ar leith uirthi as an léiriú a thug sí ar Mahler agus i measc na dtaifead a rinne sí bhí Rückert Lieder agus Kindertotenlieder Mahler leis an gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta. Cuimhneofar uirthi freisin mar gheall ar an méid a chuir sí leis an saol ceoldrámaíochta sa tír seo, agus go háirithe, le forbairt amhránaithe Éireannacha óga tríd an tsraith máistir-ranganna bliantúla a bhí ar bun aici i mBaile Átha Cliath ar feadh os cionn fiche bliain. Déanaimid comhbhrón ó chroí lena teaghlach agus lena cairde."