18 Lúnasa 2008: Brón ar an gComhairle Ealaíon faoi bhás Ronnie Drew

Tá a brón faoi bhás an cheoltóra Ronnie Drew, a fuair bás ag an deireadh seachtaine, curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon.

Thug Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Olive Braiden, ardmholadh don Uasal Drew: "Ghlac Ronnie Drew páirt lárnach ó thaobh fuinneamh nua a thabhairt do cheol traidisiúnta na hÉireann ó na 1960idí i leith. Braithfidh an tír uaithi go mór é."

Dúirt Paul Flynn, Ceann na nEalaíon Traidisiúnta sa Chomhairle Ealaíon, gurbh iad Ronnie Drew agus na Dubliners ba mhó a spreag athbheochan cheol traidisiúnta na hÉireann.

"Sna 1960idí, nuair a bhí an ceol traidisiúnta in ísle brí, bhí ról lárnach ag Ronnie Drew agus na Dubliners ó thaobh é a aisghabháil agus a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.  Bhí baint an-tábhachtach aige freisin le tabhairt chun cinn an cheoil thar lear."

"Thar rud ar bith eile, bhí páirt an-mhór ag Ronnie Drew in athbheochan thraidisiún an bhailéid, agus chuir sé an seánra sin os comhair luchtanna éisteachta nua, go háirithe agus é ag comhoibriú leis na Pogues sna 1980idí", arsa an tUasal Flynn.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)