15 Lúnasa 2008: Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas leis an Mark O’Rowe agus le hAmharclann na Mainistreach

Rinne an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas inniu le hAmharclann na Mainistreach agus leis an drámadóir Mark O'Rowe as an dámhachtain Scotsman Fringe First a bhuachan ag féile Edinburgh le Terminus.

Dúirt Olive Braiden, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, go raibh sí fíor-shásta an nuacht a chloisteáil.  "Is iontach an scéala é seo d'Amharclann na Mainistreach agus do Mark O'Rowe, agus is sampla eile é den méid atá bainte amach ag amharclanna agus ag drámadóirí na hÉireann. Tá an Chomhairle Ealaíon an-bhródúil as an ról atá aici mar phríomhfhoinse maoinithe d'Amharclann na Mainistreach," a dúirt Olive Braiden.

Ag labhairt di i ndiaidh an fhógra, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Táimid ríméadach as an méid atá bainte amach ag Mark O'Rowe agus ag Amharclann na Mainistreach. Leagann an dámhachtain Terminus béim arís eile ar chaighdeán na hamharclannaíochta in Éirinn, agus an ardchlú atá uirthi ag baile agus thar lear."

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)