Cartlann

 

23 Iúil 2008: Suíomh gréasáin ealaíon agus míchumais ina huirlis riachtanach

www.artsanddisability.com, is é an chéad suíomh gréasáin uile-Éireann é ar a bhfuil faisnéis, acmhainní agus fíricí maidir leis na healaíona agus míchumas, agus tá sé soiléir cheana féin gur uirlis riachtanach é do thuismitheoirí, do theaghlaigh, d'oibrithe comhairle, do chomhlachtaí ealaíon agus don phobal i gcoitinne. D'fhorbair An Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann an suíomh gréasáin. Beidh cártaí poist Braille, le cló mór, ar a mbealach chuig eagraíochtaí, ó thuaidh agus ó dheas, gan mhoill, ag cur i gcuimhne dóibh cá háit ar féidir an fhaisnéis luachmhar seo a fháil.


22 Iúil 2008: Olive Braiden le héirí as a post mar Chathaoirleach na Comhairle Ealaíon

Tá an tUasal Olive Braiden, atá mar Chathaoirleach na Comhairle Ealaíon le cúig bliana anuas, tar éis a fhógairt go gcuirfidh sí a téarma i gcrích an mhí seo chugainn agus nach mbeidh sí ag leanúint ar aghaidh sa ról.


22 Iúil 2008: Is oth leis an gComhairle Ealaíon iar-bhall na Comhairle, Charles Hennessy, a bheith ar shlí na fíri

Is mór an brón atá ar an gComhairle Ealaíon mar gheall ar bhás iar-bhall na Comhairle Charles Hennessy, a bhí ina bhall den Chomhairle Ealaíon idir 1988 -1993.


18 Iúil 2008: Tá tionscnamh trí bliana eile á bheartú ag an gComhairle Ealaíon le haghaidh na nEalaíon Traidisiúnt

D'fhógair an Chomhairle Ealaíon inniu go bhfuil sé ar intinn aici tionscnamh trí bliana eile a fhorbairt le haghaidh na nEalaíon Traidisiúnta. Cuireadh bailchríoch rathúil ar Thionscadal na nEalaíon Traidisiúnta 2005 - 2008. Tugadh isteach an Scéim Dheis lena linn agus méadaíodh an maoiniú do na healaíona traidisiúnta trí dheontais agus dámhachtainí príomhshrutha na Comhairle Ealaíon.


09 Iúil 2008: Cúis bhróin don Chomhairle Ealaíon é bás Seamus Brennan TD

Is cúis mhór bróin don Chomhairle Ealaíon agus do Chathaoirleach na Comhairle, Olive Brennan é bás Seamus Brennan, TD. Agus í ag trácht air dúirt sí:


07 Iúil 2008: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon plean maoiniúcháin nua trí bliana d'Amharclann na Mainistreach

D'fhógair an Chomhairle Ealaíon gur thairg sí maoiniú trí bliana d'Amharclann na Mainistreach don tréimhse 2009-2011. Cuideoidh an comhaontú maoiniúcháin ilbhliantúil nuálaíoch seo leis an Amharclann clár uaillmhianach amharclainne a chur i ngníomh go céimneach, mar a gcuirfear drámaí nua le scríbhneoirí Éireannacha ar stáitse gach bliain - ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta araon.


03 Iúil 2008: Bronnann an Chomhairle Ealaíon níos mó ná €900,000 ar Ealaíontóirí Aonair

Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis a fhógairt go bhfuil cuid de na healaíontóirí, na ceoltóirí, na scannánóirí, na hamharcealaíontóirí agus na damhsóirí is ardtallainne agus is tréithí in Éirinn tar éis maoiniú níos mó ná €900,000 a fháil ón gcáiníocóir.


01 Iúil 2008: Tuarascáil Ealaíon agus Oideachais foilsithe ag an gComhairle Ealaíon

Inniu, d'fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon Points of Alignment, Tuarascáil an Choiste Speisialta um na hEalaíona agus Oideachas. Cuireadh an Tuarascáil faoi bhráid an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, Martin Cullen, T.D., agus an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O'Keeffe, T.D.


30 Meitheamh 2008: Is cúis mhéala don Chomhairle Ealaíon bás Paddy Canny

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Paddy Canny, duine de bhunaitheoirí Banna Céilí na Tulaí.


26 Meitheamh 2008: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon, Iontaobhas IRMA agus Music Network Sonraí ar an Scéim Chaipitiúil

Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon, Iontaobhas IRMA agus Music Network sonraí a fhógairt inniu (an 23 Meitheamh 2008) maidir leis an Scéim Chaipitiúil Ceoil agus an Tionscadal Taighde, tionscnamh gnímh-taighde atá deartha chun tacaíocht a chur ar fáil le huirlisí ceoil a cheannach in 2008. Feidhmeofar an scéim agus an tionscadal taighde ar bhonn treoirscéime in 2008 agus beidh sé deartha chun struchtúir ar bhonn foirmiúil a mholadh do thacaíocht leanúnach sa réimse seo i ndiaidh 2008. Is é 5:30 i.n. Dé Luain an 29 Meán Fómhair an spriocdháta chun iarratais a fháil.


Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)