30 Meitheamh 2008: Is cúis mhéala don Chomhairle Ealaíon bás Paddy Canny

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Paddy Canny, duine de bhunaitheoirí Banna Céilí na Tulaí.

Ag labhairt di inniu, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Is trua leis an gComhairle go mór bás Paddy Canny, a bhí ina dhuine mór le rá sa cheol traidisiúnta in Éirinn.  Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Banna Céilí na Tulaí sna 1940idí luath agus é mar bhall go dtí na 1960aidí.  Déanaimid comhbhrón ó chroí lena mhuintir."

Rugadh an tUasal Canny i 1919 agus d'fhás sé aníos in aice na Tulaí i gCo. an Chláir.  Bhuaigh sé Craobh na hÉireann ar an bhfidil i 1953.

Sheinn sé ar an gcéad LP de cheol traidisiúnta a taifeadadh in Éirinn, ar an lipéad Dublin Records i 1959, agus deir mórán de sheinnteoirí iomráiteacha ceoil an lae inniu go raibh tionchar aige orthu.  I 1960, sheinn sé ar dhá dhiosca 78 rpm chomh maith, a bhí eisithe ag Gael Linn.  

Bhí sé ar dhuine de na ceoltóirí ba iomráití dá ghlúin agus aireofar a chuid seanma uainn go mór ag Scoil Samhraidh Willie.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)