Is mór an brón atá ar an gComhairle Ealaíon mar gheall ar bhás iar-bhall na Comhairle Charles Hennessy, a bhí ina bhall den Chomhairle Ealaíon idir 1988 -1993.
Chomh maith leis an téarma a chaith sé ar an gComhairle, bhí an tUasal Hennessy ina bhall aitheanta ar Bhoird roinnt institiúidí ealaíne eile. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí, ina bhall de Bhord Cork Opera House, ina bhall de Bhord Ionad Scannán na hÉireann, agus ina Chathaoirleach ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha. Dhámh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh céim oinigh mar Dhochtúir Dlíthe air i 2003.
Ag labhairt di inniu, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Bhí Charles Hennessy ina ghníomhaíoch agus ina abhcóide neamhthuirseach do na healaíona agus chuir a fhiuchadh foinn tógálach agus a chomhairle fhónta go han-mhór ar fad le cinnteoireacht na Comhairle Ealaíon nuair a bhí sé ina bhall di. Aireoimid uainn go mór é, go háirithe i gCorcaigh inar bhain an méid sin eagraíochtaí tairbhe as a shaíocht agus as a mheanma fhlaithiúil".
"Ar dheis Dé go raibh a anam dílis."