Rinne Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Olive Braiden, comhghairdeas leis an aisteoir Éireannach, Jim Norton, a bhuaigh gradam Tony aréir as ucht a pháirte sa dráma 'The Seafarer' a scríobh Conor McPherson.
''Is éacht iontach é seo,'' a dúirt an tUasal Braiden. ''Táimidne sa Chomhairle Ealaíon fíorshásta gur bhain aisteoir Éireannach i ndráma Éireannach aitheantas den chineál seo amach.''
Ba é a dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: ''Tugann an gradam seo aitheantas do shárchumas Jim Norton, chomh maith leis an obair chrua atá déanta aige, agus tá áthas orainn go bhfuil an gradam seo á thabhairt dó ar Broadway.''
Rinne an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas leis an scríbhneoir Conor McPherson agus leis na haisteoirí eile a bhí ainmnithe i gcomhair gradaim.
Tá léiriú de chuid Amharclann na Mainistreach de dhráma McPherson 'The Seafarer' ar camchuairt in Éirinn faoi láthair.