Is cúis mhór bróin don Chomhairle Ealaíon agus do Chathaoirleach na Comhairle, Olive Brennan é bás Seamus Brennan, TD. Agus í ag trácht air dúirt sí:
"Bhí sé ina Aire Ealaíon againn ar feadh tréimhse ghearr, ach san achar amach sin, ba mhór an fuinneamh a chaith sé leis an bpost, díreach mar a rinne gach uair a bhí sé ina Aire i gcaitheamh na mblianta.
"A buíochas leis na cúraimí eile a bhí air sna poist roimhe sin, go háirithe a sheal ina Aire Turasóireachta agus ina Aire Oideachais, thug sé leis sárthaithí go dtí an post.
"Thosaigh a thréimhse ina Aire Ealaíon le cruinniú linn, mar ar dhearbhaigh sé go ndéanfadh sé a lándícheall oibriú linn ar mhaithe leis na healaíona agus le healaíontóirí.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis."