"Croí agus anam an tsamhraidh Éireannaigh" - Olive Braiden
Tá Éire ar maos le cruthaitheacht an samhradh seo, le níos mó ná céad féile ealaíon ar siúl trasna na tíre idir inniu agus mí Mheán Fómhair, a deir an Chomhairle Ealaíon.
"Is iad na féilte croí agus anam an tsamhraidh Éireannaigh agus tá an Chomhairle Ealaíon an-bhródúil as a ról ag maoiniú na bhféilte seo. Tá páirt lárnach acu inár mbeatha, ról ríthabhachtach inár ngeilleagar, agus tá siad an-tarraingteach d'ár dturasóirí," a dúirt Olive Braiden, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon.
Ón lá inniu ar aghaidh, beidh daoine a thugann cuairt ar http://www.artscouncil.ie/Publications/ArtsCouncilFestivalCalendar2008.doc in ann a fheiceáil cén áit agus cén uair a bheidh an fhéile is gaire dóibh ar siúl, a dúirt an tUasal Braiden.
Tá €5 mhilliúin infheistithe ag an gComhairle Ealaíon i 102 féile idir mí an Mheithimh agus mí Mheán Fómhair, agus iad ar siúl trasna na tíre ar fad.