Tá dhá iarraidh ar thairiscint á lorg ag an gComhairle Ealaíon i gcomhair forbartha agus bainistíochta ar shuíomh gréasáin dinimiciúil nua agus acmhainn chartlainne a dhéanfaidh sárfheabhas agus nuálaíocht a chur chun cinn dóibh siúd atá ag obair sa réimse ealaíon poiblí.
Déanfaidh an suíomh gréasáin comhairle phraiticiúil, acmhainní, agus eolas a sholáthar agus a ghineadh d'aon duine ar mian leis nó léi tabhairt faoi obair choimisiúnaithe. Léireoidh sé éagsúlacht na gcleachtas ealaíon agus déanfaidh sé dioscúrsa a ghineadh faoi cheisteanna tráthúla, chomh maith le cur chuige dea-chleachtais a sholáthar don choimisiúnú.
Agus í ag trácht ar an suíomh gréasáin nua, dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Mary Cloake: "Seo forbairt an-suntasach i gcomhair cleachtas ealaíne poiblí in Éirinn, agus is bealach an-tábhachtach é trínar féidir linn tacú lenár n-aidhmeanna straitéiseacha."
Tá na hiarratais ar thairiscint le fail ó www.e-tenders.gov.ie:
. Forbairt inneachair agus bainistíocht tionscadail i gcomhair suíomh gréasáin ealaíne poiblí
. Forbairt ghréasáin ar shuíomh gréasáin ealaíne poiblí