10 Bealtaine 2008: Cuireann An Chomhairle Ealaíon a comhbhrón in iúl maidir le bás Nuala O'Faolain

Deir Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Olive Braiden, gur chuir Nuala O'Faolain go mór le scríbhneoireacht chruthaitheach na hÉireann, agus gur cúis mhór bhróin é a bás do phobal na n-ealaíon, a n-aireoidh siad uathu í go mór.

"Cé gur mar gheall ar a cuid iriseoireachta is fearr atá aithne ar Nuala, b'iontach an múinteoir agus an léachtóir í freisin. Ina léachtaí oíche sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mhúscail sí grá don litríocht agus don scríbhneoireacht chruthaitheach ar feadh an tsaoil sna céadta mac léinn," a deir an tUasal Braiden.

Chuimhnigh Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Mary Cloake, ar ardsaothair Nuala O'Faolain mar iriseoir agus mar chraoltóir.

"Léirigh sí íogaireacht agus mothálacht ar leith go minic ina cuid iriseoireachta, agus cur síos á dhéanamh aici ar na bealaí inar féidir leis na healaíona ár saol a shaibhriú," a deir an tUasal Cloake.

I measc na nduaiseanna eile a bhuaigh sí, bhain Nuala O'Faolain Le Prix Femina amach in 2006. Duais ardghradaim san Fhrainc atá inti, a bhuaigh sí le The Story of Chicago May, a húrscéal faoi ghadaí agus striapach mhíchlúiteach as Éirinn.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)