Thogh Aosdána, meitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn, 10 gcomhalta nua ag a Chomhthionól Ginearálta san Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann inniu.
Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon Aosdána i 1981 chun ómós a thabhairt d'ealaíontóirí a bhfuil saothar suaithinseach déanta acu sna healaíona in Éirinn, agus chun na baill a spreagadh agus cabhrú leo chun iomlán a ndúthrachta a chaitheamh lena n-ealaíona. Is ar ainmniú duine de na comhaltaí agus le vótaí na gcomhaltaí a cheaptar baill nua den eagraíocht. Ní féidir níos mó ná 250 ealaíontóir beo a bheith ann ag am ar bith agus ní mór saothair shuaithinseach a bheith cruthaithe acu.
Ní mór do chomhaltaí na heagraíochta a bheith ina gcónaí in Éirinn ar feadh cúig bliana, sin nó gur rugadh in Éirinn iad. Tá comhaltaí Aosdána atá ina gcónaí in Éirinn incháilithe le 'cnuas' a fháil ón gComhairle Ealaíon. Is stipinn cúig bliana í seo a cheapadh le cur ar a gcumas a gcuid ama agus a ndúthracht go léir a chaitheamh lena gcuid ealaíon. Leis na hainmnithe nuathofa beidh ballraíocht reatha de 235 ag Aosdána.
Toghadh Saoi
Ag an gComhthionól Ginearálta inniu fógraíodh freisin gur toghadh an péintéir Camille Souter ina Saoi. Tugtar an onóir de bheith i do shaoi as ucht saothar leanúnach uathúil den scoth a chruthú sna healaíona: ní féidir le níos mó ná seachtar ealaíontóirí an gradam seo a bheith acu ag aon am amháin. Is iad na Cúigear Saoithe eile ná: Louis le Brocquy, Seamus Heaney, Anthony Cronin, Brian Friel agus Patrick Scott.
Comhaltaí nua Aosdána
- Paddy Bushe - Litríocht
- Siobhán Cleary - Ceol
- Peter Cunningham - Litríocht
- Philip Davison - Litríocht
- Catherine Delaney - Na hAmharcealaíona
- James Hanley - Na hAmharcealaíona
- Claire Keegan - Litríocht
- Aodhán Madden - Litríocht
- Willie McKeown - na hAmharcealaíona
- Peter Sirr - Litríocht