16 Meitheamh 2008: Comhghairdeas ón gComhairle Ealaíon

Rinne Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Olive Braiden, comhghairdeas leis an aisteoir Éireannach, Jim Norton, a bhuaigh gradam Tony aréir as ucht a pháirte sa dráma 'The Seafarer' a scríobh Conor McPherson

''Is éacht iontach é seo,'' a dúirt an tUasal Braiden. ''Táimidne sa Chomhairle Ealaíon fíorshásta gur bhain aisteoir Éireannach i ndráma Éireannach aitheantas den chineál seo amach.''

Ba é a dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: ''Tugann an gradam seo aitheantas do shárchumas Jim Norton, chomh maith leis an obair chrua atá déanta aige, agus tá áthas orainn go bhfuil an gradam seo á thabhairt dó ar Broadway.''

Rinne an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas leis an scríbhneoir Conor McPherson agus leis na haisteoirí eile a bhí ainmnithe i gcomhair gradaim.

Tá léiriú de chuid Amharclann na Mainistreach de dhráma McPherson 'The Seafarer' ar camchuairt in Éirinn faoi láthair.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)