Cartlann

 

09 Bealtaine 2008: Toghann Aosdána 10 gcomhalta nua agus fógraítear go bhfuil Camille Souter ina Saoi.

Thogh Aosdána, meitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn, 10 gcomhalta nua ag a Chomhthionól Ginearálta san Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann inniu.


02 Bealtaine 2008: Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le hEileen Walsh faoina Duais Scannáin

Déanann An Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí le hEileen Walsh a bhuaigh an duais le haghaidh an bhanaisteora ab fhearr dá ról in 'Eden' ag Féile Scannán Tribeca.


28 Aibreán 2008: Aontaíonn na Comhairlí Ealaíon Comhoibriú Thuaidh/Theas Níos Dlúithe

D'aontaigh an dá Chomhairle Ealaíon ar oileán na hÉireann inniu comhoibriú níos dlúithe a dhéanamh le chéile. Áirítear leis seo tacaíocht d'ealaíontóirí a chomhchuibhiú, eagraíochtaí ealaíon a neartú, agus scoth na n-ealaíon Éireannach a thabhairt chuig lucht féachana agus lucht éisteachta sa mbaile agus thar lear.


24 Aibreán 2008: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Stiúrthóir Nua Gnóthaí Poiblí

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil Seán Mac Cárthaigh ceaptha chuig a foireann bhainistíochta shinsearach. Beidh Seán ag obair leis an bhfoireann bhainistíochta reatha mar Stiúrthóir Gnóthaí Poiblí


15 Aibreán 2008: Cineama Digiteach in Éirinn

Ar an Aoine, 7 Aibreán, ag SeisiúinFéachana Cineama i nDroichead Átha, sheol Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon an tuarascáil,Cineama Digiteach in Éirinn, a rinne an Cuibhreannas Cineama Cultúrtha a choimisiúnú.


15 Aibreán 2008: Cúis mhéala don Chomhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás an fhile Robert Greacen.

Rugadh Robert Greacen i nDoire i 1920 agus bhí cónaí air i mBéal Feirste, i Muineachán, agus le déanaí, i mBaile Átha Cliath.


11 Aibreán 2008: Bunú na Scéime d’Ensembles Óga

Iarratais ar Scéim Nua á lorg ag an gComhairle Ealaíon


03 Aibreán 2008: Na tionscadail "Dance on the Box" ar éirigh leo fógartha ag an gComhairle Ealaíon agus RTÉ

Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon agus ar RTÉ na ceithre scannán a roghnaíodh faoin scéim 'RTÉ Dance on the Box' a fhógairt.


13 Márta 2008: Urraíocht na Comhairle Ealaíon do Chéilí Mór

Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go mbeidh maoiniú aonuaire á chur ar fáil aici i mbliana le haghaidh Céilí Mór Lá 'le Pádraig.


25 Feabhra 2008: Comhghairdeas ón gComhairle Ealaíon le Buaiteoirí Oscar

Cuireann an Chomhairle Ealaíon a comhghairdeas in iúl do Glen Hansard agus Markéta Irglová as ucht an Oscar a bhuachan don Amhrán Úrnua is Fearr "Falling Slowly", a tháinig ón scannán Éireannach "Once" a stiúir John Carney.


Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)