D'aontaigh an dá Chomhairle Ealaíon ar oileán na hÉireann inniu comhoibriú níos dlúithe a dhéanamh le chéile. Áirítear leis seo tacaíocht d'ealaíontóirí a chomhchuibhiú, eagraíochtaí ealaíon a neartú, agus scoth na n-ealaíon Éireannach a thabhairt chuig lucht féachana agus lucht éisteachta sa mbaile agus thar lear.
Tá traidisiúin fada comhoibrithe ag an dá chomhairle; ba é Comhchruinniú Iomlánach an lae inniu den Chomhairle Ealaíon/The Arts Council agus Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, a tionóladh i mBéal Feirste, an 30ú cruinniú bliantúil dá leithéid.
Aontaíodh ag an gcruinniú go ndíreodh na comhairlí aird ar leith ar eagraíochtaí ealaíon ar fud an oileáin a neartú. Thart ar 20 eagraíocht a fhaigheann maoiniú faoi láthair ón gComhairle Ealaíon/The Arts Council agus ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, thar raon foirmeacha ealaíne lena n-airítear ceol, litríocht, agus amharcealaíona.
Aithníonn an dá chomhairle ealaíon gur eochairthosaíocht is ea tacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí aonair. Agus iad ag admháil nach n-aithníonn ealaíontóirí teorainneacha, d'aontaigh an dá chomhairle a n-iarrachtaí a chomhchuibhiú chun tacú le healaíontóirí, ó Thuaidh agus ó Dheas araon.
Tá sé beartaithe ag an dá fhoras oibriú níos dlúithe le chéile chun scoth na healaíne Éireannaí a thabhairt chuig lucht féachana agus lucht éisteachta sa bhaile agus thar lear, trí chamchuairteanna, trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht nua, agus, áit is cuí, trí oibriú i bpáirt le Culture Ireland agus le Comhairle na Breataine (The British Council).
"Tá mé thar a bheith sásta le toradh chruinniú iomlánach an lae inniu. Tá borradh millteach tagtha ar bhua na healaíne le cúpla bliain anuas, agus beidh muid ag oibriú níos dlúithe i gcónaí le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann chun cuidiú leis an bhfás seo a aibhsiú ar an dá thaobh den teorainn," a dúirt Olive Braiden, cathaoirleach na Comhairle Ealaíon/The Arts Council.
Dúirt Rosemary Kelly, Cathaoirleach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann: "Tá na healaíona i gcroílár ár mbeatha sóisialta, eacnamaíche, agus cruthaithí. Táimid ag obair lenár gcomhghleacaithe sa Chomhairle Ealaíon/The Arts Council le níos mó ná 30 bliain anuas, agus tá áthas orm go mbeidh muid ag comhoibriú anois san oiread réimsí."
Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon/The Arts Council: "Tá ár ndá fheidhmeannas tar éis a bheith ag obair go dlúth le chéile agus tabharfaidh an comhaontú seo maidir le tosaíochtaí spreagadh nua don obair seo."
Dúirt Róisín McDonough, príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann: "Seo comhartha de ré nua sa chomhoibriú Thuaidh/Theas maidir leis na healaíona, ceann a thagann le riachtanais phraiticiúla na n-ealaíontóirí agus na n-eagraíochtaí ealaíon ar an oileán. Trí oibriú i gcomhpháirt le chéile tugann muid iomrá níos mó dá gcuid oibre siúd."