Iarratais ar Scéim Nua á lorg ag an gComhairle Ealaíon
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon scéim mhaoinithe phíolótach nua a fhógairt. Tá an scéim dírithe ar ghrúpaí de dhaoine óga idir 12 bhliain agus 23 bliana d’aois atá ag obair le chéile chun ealaíon de gach cineál a chruthú. Féadann eagraíochtaí a chothaíonn nó a óstálann ensembles óga cur isteach uirthi.
Is é príomhchuspóir na dámhachtana seo cabhrú le ensembles óga a gcleachtas ealaíne a chur chun cinn taobh amuigh de na scoileanna. Tugann sí tús áite do thionscnaimh a thaispeánann fís shoiléir ealaíne san ealaín nó sna healaíona atá i gceist, agus do phróiseas a urramaíonn rannpháirteachas agus cruthaitheacht daoine óga chomh maith lena gcomhpháirteachas criticiúil leis na healaíona.
Cuireann An Scéim d’Ensembles Óga le tiomantas na Comhairle Ealaíon deiseanna níos fearr a chruthú do dhaoine óga taithí a fháil ar na healaíona, mar a leagtar amach ina straitéis reatha Comhpháirtíocht ar son na nEalaíon.
Spriocdháta:
Ní mór iarratais agus ábhar tacaíochta a bheith ag an gComhairle Ealaíon faoi 5:30, Aoine 23 Bealtaine 2008 ar a dheireanaí. Ní ghlacfar le hiarratais ríomhphoist nó facs.
Is féidir treoirlínte agus foirmeacha iarratais a íoslódáil ar www.artscouncil.ie agus tríd na naisc thíos a leanúint:
An Scéim d’Ensembles Óga - Treoirlínte
An Scéim d’Ensembles Óga - Foirm Iarratais
Le haghaidh tuilleadh eolais:
An Chomhairle Ealaíon
Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Teil: +353 1 6180250
Ríomhphost mathilde.veldt@artscouncil.ie
Láithreán Gréasáin www.artscouncil.ie