Déanann An Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí le hEileen Walsh a bhuaigh an duais le haghaidh an bhanaisteora ab fhearr dá ról in 'Eden' ag Féile Scannán Tribeca.
Arsa Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Déanaimid comhghairdeas le hEileen Walsh faoina léiriú iontach; tá bua ar leith aici agus tá an t-aitheantas seo tuillte go maith aici. Is iontach an rud é an rath atá tagtha ar 'Eden' ó léiríodh den chéad uair é in Amharclann na Mainistreach seacht mbliana ó shin; is eiseamláir é dar féidir a bhaint amach nuair a thugtar tacaíocht leanúnach d'ealaíontóirí, dhrámadóirí, scríbhneoirí, stiúrthóirí, agus léiritheoirí cruthaitheacha."