13 Márta 2008: Urraíocht na Comhairle Ealaíon do Chéilí Mór

Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go mbeidh maoiniú aonuaire á chur ar fáil aici i mbliana le haghaidh Céilí Mór Lá 'le Pádraig.

Is é Céilí Mór na Comhairle Ealaíon an imeacht ceoil agus rince is spreagúla in Éirinn agus beidh sé ar siúl Lá 'le Pádraig, Dé Luain 17ú Márta ag 2.30 ar Árdán Phort an Iarla.

Ba é a dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon agus í ag labhairt faoin imeacht: "Tá lúcháir orainn an ceangal atá againn le féile Lá 'le Pádraig a choinneáil ar siúl go mór mór i mbliana óir táimid ag tabhairt maoinithe go díreach le haghaidh an Chéilí Mhóir mar chuid de Thionscnamh na nEalaíon Traidisiúnta atá againn."

Glac páirt leis na mílte daoine agus iad ag rince agus ag foghlaim rince le ceol Banna Céilí Matt Cunningham agus ceol Shéamuis Uí Bheaglaoich agus Tim Edey.  Cuirfidh Baltrasna taispeántas rince ar siúl agus déanfaidh Clann Uí Chuinneagáin rince ar an sean-nós.   Beidh Daithí Ó Sé ina fhear an tí don lá."

Bhí sé seo le rá ag Príomhfheidhmeannach Fhéile Lá 'le Pádraig Donal Shiels: Taitníonn an Céilí Mór thar cionn le lucht na Féile agus tá gealladh ar chéilí na bliana seo go mbeidh sé thar a bheith spreagúil beoga.  Cúis mhór áthais dúinn go bhfuil an Chomhairle Ealaíon ag tabhairt tacaíochta don imeacht seo óir is ceiliúradh spleodrach é ar ealaíona traidisiúnta na hÉireann, ceol céilí agus rince ar an sean-nós.  Molaimid do gach aon duine teacht go hArdán Phort an Iarla i ndiaidh na Paráide le páirt a ghlacadh sna ríleanna agus na poirt agus iad féin a thumadh i dtuilleadh de chultúr fíor na hÉireann!" 

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
22 Aibreán 2014: Title (GA) (PDF, )
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)