Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon agus ar RTÉ na ceithre scannán a roghnaíodh faoin scéim 'RTÉ Dance on the Box' a fhógairt. Fuarthas seacht n-iarratas fichead ó léiritheoirí, ó stiúrthóirí agus ó chóragrafaithe ar fud na tíre agus cuireadh sé cinn acu sin ar an ngearrliosta le haghaidh agallaimh. Is é seo an dara babhta den scéim 'RTÉ Dance on the Box' agus tá beagnach €100,000 á bhronnadh ar na tionscadail a n-éiríonn leo.
Ag trácht di ar an scéim seo, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Is cinnte go bhfuil an scéim uathúil seo tar éis dul i bhfeidhm go mór ar ealaíontóirí; tá an-áthas orainn go mbeidh lucht féachana ar fud na tíre in ann breathnú ar cheithre scannán damhsa nua spreagúla ar an teilifís mar chuid d'Fhéile Damhsa Bhaile Átha Cliath i mí Aibreáin."
Ag cur leis an méid sin, dúirt David McKenna, Léiritheoir Feidhmiúcháin RTÉ le haghaidh na nEalaíon agus na dTras-Meán: "Tá an-ríméad ar RTÉ a bheith ag comhoibriú leis an gComhairle Ealaíon arís chun deis a thabhairt dár lucht féachana breathnú ar dhamhsa comhaimseartha na hÉireann."
Mairfidh gach gearrscannán damhsa ar feadh suas le sé nóiméad. Craolfar na scannáin chríochnaithe den chéad uair ar RTÉ i rith Fhéile Damhsa Bhaile Átha Cliath na bliana seo a bheidh ar siúl ón 17 Aibreán go dtí an 3 Bealtaine, agus beidh siad ar scáileán sa Meeting House Square i mBarra an Teampaill an 2 agus an 3 Bealtaine.
Roghnaíodh na tionscadail seo a leanas:
Monitor Córagrafaithe Sascha Perfect, Katarin Mojzisova agus Nick Bryson; Stiúrthóir Luke McManus and Léiritheoir Éadaoin Patton.
Swing Talking Córagrafaithe Lucy Dunne, Stiúrthóir Anna Rodgers agus Léiritheoir Siobhán Ward.
Together Córagrafaithe Steve Batts agus Ursula Laeubli, Stiúrthóir Mary Keane agus Léiritheoir Michele Viney.
Unsung Córagrafaithe Liz Roche, Stiúrthóir Morleigh Steinberg agus Léiritheoir Mary McCarthy.