Ar an Aoine, 7 Aibreán, ag Seisiúin Féachana Cineama i nDroichead Átha, sheol Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon an tuarascáil, Digital cinema in Ireland (Féachana Cineama i nDroichead Átha) (1.47 MB, Adobe PDF), a rinne an Cuibhreannas Cineama Cultúrtha a choimisiúnú.
Is comhpháirtíocht straitéiseach idir an Chomhairle Ealaíon agus Bord Scannán na hÉireann atá sa Chuibhreannas Cineama Cultúrtha. Tá an cuibhreannas tar éis tacú le agus forbairt a dhéanamh ar bhonneagar náisiúnta i gcomhair cineama cultúrtha in Éirinn, le cur i bhfeidhm dhá mhórchlár maoinithe caipitiúil, a bhí an-tábhacht ag baint leo maidir le feabhsú agus méadú ar bhí lárnach ag feabhsú agus ag cur le heispéireas an cineama don lucht féachana ar fud na tíre. Is é Pictiúrlann an Light House, Margadh na Feirme, atá ina phictiúrlann cultúrtha le ceithre scáileán, an chéad cheann de ceithre mhórthionscadal caipitiúil, arna thacú ag an gcuibhreannas, a rachaidh i mbun oibre, agus osclóidh sé i Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath, ar an Aoine, 9 Bealtaine.
Rinne an Cuibhreannas Cineama Cultúrtha coimisiúnú ar Cineama Digiteach in Éirinn, le Ron Inglis, chun tuiscint cuimsitheach a bhaint amach ar thimpeallacht an cineama digitigh agus chun beartas forbartha sa réimse seo a chur le chéile sa todhchaí. Déanann an tuarascáil cur síos ar an dul chun cinn teicneolaíochta atá tarlaithe i leith seachadadh agus léiriú scannáin. Tugann sé cur síos freisin ar roinnt roghanna i gcomhair measúnú na Comhairle Ealaíon agus Bhord Scannán na hÉireann chun deiseanna nua a chur ar fáil do lucht féachana cineama cultúrtha in Éirinn.