Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil Seán Mac Cárthaigh ceaptha chuig a foireann bhainistíochta shinsearach. Beidh Seán ag obair leis an bhfoireann bhainistíochta reatha mar Stiúrthóir Gnóthaí Poiblí
Tá gairmréim fhada caite ag Seán sna meáin chumarsáide agus i ngnóthaí poiblí, in Éirinn agus thar lear. Bhí sé ina chomhfhreagróir i mBaile Átha Cliath ar The Irish News sular bhog sé go Páras le haghaidh The Times (Londain). Le blianta beaga anuas bhí sé ina Eagarthóir Cúnta ar The Sunday Business Post, ag clúdach cúrsaí polaitíochta agus gnó, agus tá sé díreach tar éis filleadh ó Nua-Eabhrac, áit a raibh sé ina Eagarthóir Bainistíochta ar The Irish Echo.
D'fháiltigh an tUasal Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, roimh cheapachán Sheáin Mhic Cárthaigh ar an bhfoireann bhainistíochta shinsearach, "Tá fás agus forbairt ar na healaíona agus teastaíonn an bhainistíocht agus na struchtúir is fearr a bhfuil ann uathu. Creidim anois go bhfuil Séan ceaptha go bhfuil an fhoireann bhainistíochta shinsearach is fearr againn chun cuspóirí na Comhairle a chur chun cinn."