15 Aibreán 2008: Cúis mhéala don Chomhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás an fhile Robert Greacen.

Rugadh Robert Greacen i nDoire i 1920 agus bhí cónaí air i mBéal Feirste, i Muineachán, agus le déanaí, i mBaile Átha Cliath.

Bhí rath agus clú ar Greacen mar fhile, mar scoláire liteartha agus mar scríbhneoir cuimhní cinn agus foilsíodh a chuid saothar in Éirinn, i Sasana, san Albain, sa bhFrainc agus sna Stáit Aontaithe. Bhuaigh sé Duais Filíochta an Irish Times i 1995 ar a bhailiúchán dánta. I measc a chuid imleabhair filíochta foilsithe tá The Bird (1941), A Garland for Captain Fox (Baile Átha Cliath, The Gallery Press, 1975), Young Mr Gibbon (1979), A Bright Mask (Baile Átha Cliath, The Dedalus Press, 1985) agus Carnival at the River (Baile Átha Cliath; Dedalus, 1991).  Foilsíodh a leabhar deireanach: Robert Greacen: New and Selected Poems i 2006.

I 1969 d'fhoilsigh Greacen Even Without Irene, cuimhní cinn dírbheathaisnéiseacha a scríobh sé i ndiaidh bhás Patricia Hutchins, a bhean chéile. Is cuimhní cinn den saol liteartha i Londain agus i mBaile Átha Cliath atá ina shaothar Brief Encounters (1991).

Bhí sé ina údar freisin ar shaothar criticiúil ar an úrscéalaí C.P. Snow agus ar an drámadóir Noel Coward.

Ba bhall de Aosdána ab é Greacen. Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, agus í ag labhairt faoina bhás inniu, 'Tá filíocht Robert Greacen snasta agus spraíúil, le dobhrón agus tnúthán le brath ar a chúl i gcónaí. Ba bhall d'Aosdána é Greacen. Bhí gnéithe den saol le feiceáil go foirfe ina chuid oibre agus ba fhurasta a fheiceáil chomh tiomanta is a bhí Greacen do cheird na filíochta, an phróis agus na critice.'

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)