Cartlann

 

21 Feabhra 2008: Seolann an Chomhairle Ealaíon agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon, Gníomhaireacht Rialtas na hÉireann leis na healaíona a fhorbairt, agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais (NPAR) fógairt go bhfuil siad tagtha le chéile i gcomhpháirtíocht le polasaí éagsúlachta cultúrtha a fhorbairt do na healaíona. Déanfar plean gnímh, a mbeidh an taighde sin mar thaca faoi, a fhorbairt le tacú le cleachtas éagsúlachta cultúrtha amach anseo.


13 Feabhra 2008: D'fhógair An Chomhairle Ealaíon & RTÉ an dara RTÉ DANCE ON THE BOX

Tar éis chomh maith is a d'éirigh leis an seoladh i 2006, tá áthas ar an gComhairle Ealaíon agus RTÉ an dara babhta de RTÉ Dance on the Box a fhógairt. Ciallaíonn maoiniú breise ón dá eagraíocht go mbeidh níos mó ná 25% den bhuiséad ar fáil do gach scannán a dhéantar a choimisiúnú.


01 Feabhra 2008: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon maoiniú €845,000 breise

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil €845,000 breise leithdháilte aici mar dheontais ar 27 eagraíochtaí a bhfuil maoiniú faighte cheana acu le haghaidh 2008.


29 Eanáir 2008: Seolann an Chomhairle Ealaíon agus RTE CD le Raymond Deane

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon agus RTÉ taifeadadh tráchtála nua de shaothair cheolfhoirneacha le Raymond Deane a sheoladh, seinnte ag Ceolfhoireann Náisiúnta RTÉ faoina stiúrthóir Gerhard Markson, agus le Christine Pryn mar aonréadaí inti.


24 Eanáir 2008: An Chomhairle Ealaíon ina hóstach ar fháiltiú chun The Poet's Chair a sheoladh


17 Eanáir 2008: Comhghairdeas ón Chomhairle Ealaíon ar ainmniúchán BAFTA

Déanann an Chomhairle Ealaíon/the Arts Council comhghairdeas le John McCloskey, stiúrthóir an scannáin ghairid Crumblegiant a ainmníodh le haghaidh British Academy Film Award (BAFTA) don Bheochan Ghairid is Fearr.


21 Nollaig 2007: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon maoiniú de €2m le haghaidh tionscadail ealaíne i ngach foirm ealaíne

Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon, gníomhaireacht Rialtas na hÉireann ar son forbairt na n-ealaíon, cinntí maoinithe a fhógairt do na Tionscadail: Dámhachtainí Aonuaire agus Tionscadail: Dámhachtain Saothair Nua do ghníomhaíochtaí a bheidh ar siúl i 2008.


21 Nollaig 2007: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon cinntí ar fiú €20 milliún san iomlán

D'fhógair an Chomhairle Ealaíon inniu go ndáilfear Maoiniú Bliantúil ar 143 eagraíocht agus ar 34 údarás áitiúil le haghaidh 2008. Fuair an Chomhairle Ealaíon 209 iarratas ar fad ar an gclár Maoinithe Bliantúil agus bhí an t-éileamh sa bhreis ar €37 milliún. As na hiarratais sin tá maoiniú de bheagnach €20 milliún tairgthe ag an gComhairle Ealaíon do 143 eagraíocht agus 34 údarás áitiúil le haghaidh 2008.


18 Nollaig 2007: Fáiltiú do chomhaltaí nua Aosdána arna óstáil ag an gComhairle Ealaíon

D'óstáil an Chomhairle Ealaíon fáiltiú do chomhaltaí nuathofa Aosdána sa bhliain 2007.


07 Nollaig 2007: Bronnann an Chomhairle Ealaíon maoiniú ar 78 Féile agus Imeacht Bheag

Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis sonraí d'fhaighteoirí rathúla a fhógairt faoi bhabhta a haon de Scéim na bhFéilte Beaga don bhliain 2008. Tá €499,980 san iomlán bronnta ar 78 féile agus imeacht ar fud na tíre as na 135 iarratas a fuarthas. Is é an luach iomlán maoiniú a bhí á lorg ag na 135 iarrthóir ná €1,685,192.


Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)