Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil ¤845,000 breise leithdháilte aici mar dheontais ar 27 eagraíochtaí a bhfuil maoiniú faighte cheana acu le haghaidh 2008.
Ligfidh na hacmhainní breise do na heagraíochtaí iad féin a fhorbairt agus a neartú agus beidh siad in ann deiseanna nua a chur chun cinn chomh maith. Ina theannta sin cuirfidh sé ar a gcumas pleanáil agus margaíocht a dhéanamh, rud a chabhróidh le lucht éisteachta a mhéadú.
Ba é a dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Mar thoradh ar an maoiniú breise seo d'éirigh leis an gComhairle Ealaíon roinnt tiomantas ó thaobh beartais de atá aici cheana a fhorbairt, lena n-áirítear na hEalaíona Traidisiúnta, Bailé agus Ceoldráma. Chomh maith leis sin bhíomar in ann maoiniú breise a thabhairt d'eagraíochtaí a raibh a lean agus a gclár le haghaidh 2008 ag brath ar mhéadú. Tá aiféala orainn nárbh fhéidir linn tacaíocht a chur ar fáil d'eagraíochta eile taobh istigh de na hacmhainní a bhí ar fáil dúinn, ach ní mór dúinn leithdháileadh a dhéanamh taobh istigh dár mbuiséad iomlán."
Nóta eagarthóra: Tá liosta iomlán de na heagraíochtaí a bheidh ag fáil maoiniú breise thíos:
| Title | Title | Title | Title |
|---|
| Eagraíocht | Tiomantas bunaidh le haghaidh 2008(€) | Méadú (€) | Táille (€) |
| Ballet Ireland | 235,000 | 22,000 | 257,000 |
| Children's Books Ireland | 205,249 | 30,000 | 235,249 |
| Cork City Ballet | 97,000 | 9,000 | 106,000 |
| Create | 256,432 | 10,000 | 266,432 |
| Druid Theatre Company | 847,540 | 20,000 | 867,540 |
| Éigse, Carlow | 132,000 | 12,000 | 144,000 |
| EV+A | 242,990 | 4,000 | 246,990 |
| Filmbase | 299,860 | 65,000 | 364,860 |
| Comhairle Contae Fhine Ghall | 15,000 | 15,000 | 30,000 |
| Fishamble Theatre Company | 263,670 | 30,000 | 293,670 |
| Gallery of Photography | 220,000 | 30,000 | 250,000 |
| Ionad Ealaíon na Gaillimhe | 357,764 | 8,000 | 365,764 |
| Féile Ealaíon na Gaillimhe | 548,020 | 25,000 | 573,020 |
| Graffiti Theatre Company | 260,000 | 33,000 | 293,000 |
| Malartán Litríochta Éireann | 262,270 | 35,000 | 297,270 |
| Irish Chamber Orchestra | 1,168,420 | 20,000 | 1,188,420 |
| Irish National Youth Ballet | 59,000 | 9,000 | 68,000 |
| Taisce Cheol Dúchais Éireann | 630,740 | 50,000 | 680,740 |
| KCAT | 42,000 | 10,000 | 52,000 |
| Kilkenny Arts Centre | 451,858 | 25,000 | 476,858 |
| Na Píobairí Uilleann | 372,240 | 25,000 | 397,240 |
| National Association of Youth Drama | 253,330 | 30,000 | 283,330 |
| Projects Arts Centre | 858,220 | 25,000 | 883,220 |
| Second Age Theatre Company | 227,480 | 65,000 | 292,480 |
| Spraoi | 315,370 | 8,000 | 323,370 |
| Temple Bar Gallery & Studios | 350,000 | 30,000 | 380,000 |
| Wexford Opera Festival | 1,189,000 | 200,000 | 1,389,000 |