Na Tionscadail: Cuireann an Dámhachtain Aonuaire, a tugadh isteach mar chlár maoinithe nua i 2006 mar chuid den chur i bhfeidhm ar Chomhpháirtíocht ar son na nEalaíon, ar chumas daoine aonair agus eagraíochtaí tionscadail ar leith a chur i gcrích. Fuair an Chomhairle Ealaíon 141 iarratas san iomlán don bhabhta seo den dámhachtain agus tá tairiscintí maoinithe de €1.34m san iomlán déanta le 32 iarratasóir.
Na Tionscadail: Fuair Dámhachtain Saothair Nua, a spreagann turgnamhacht agus comhoibriú agus a thacaíonn le forbairt ar thionscadail a shíneann teorainneacha foirme ealaíne agus cleachtais ealaíon, 129 iarratas. Mar fhreagairt, rinne an Chomhairle Ealaíon tairiscintí maoinithe le 25 iarratasóir ar fiú os cionn €600,000 san iomlán iad.
Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: Tá ríméad orainn a bheith in ann maoiniú a thairiscint do na daoine aonair agus na heagraíochtaí seo agus táimid ag cabhrú le healaíontóirí a gcuid uaillmhianta ealaíne a chur i gcrích chomh maith le raon agus éagsúlacht na ngníomhaíochtaí ealaíon a shíneadh ar fud na tíre.
Chun breathnú ar liosta de na healaíontóirí agus eagraíochtaí a fuair maoiniú - téigh le do thoil chuig bunachar sonraí na gcinntí (http://www.artscouncil.ie/ga/we_funded.aspx) ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon: roghnaigh 'Tionscadail: aonuaire; nó Tionscadail: Saothair Nua' ón roghchlár anuas 'Ciste'; roghnaigh an bhliain '2007' agus cliceáil ar 'Cuardach'