Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis sonraí d'fhaighteoirí rathúla a fhógairt faoi bhabhta a haon de Scéim na bhFéilte Beaga don bhliain 2008. Tá €499,980 san iomlán bronnta ar 78 féile agus imeacht ar fud na tíre as na 135 iarratas a fuarthas. Is é an luach iomlán maoiniú a bhí á lorg ag na 135 iarrthóir ná €1,685,192.
Tá Scéim na bhFéilte Beaga dírithe go príomha, ar imeachtaí beaga atá bunaithe go háitiúil agus ar fhéilte a bhíonn ag iarraidh maoiniú suas go dtí €20,000 ar an gComhairle Ealaíon. Is féidir na dámhachtainí atá bronnta a úsáid i gcomhair imeachtaí aonuaire nó clár gníomhaíochtaí féile. As na 78 a fuair maoiniú, ba é seo an chéad uair a rinne 20 acu iarratas ar an scéim. Is é meánluach na ndeontas a bronnadh ar iarrthóirí rathúla sa bhabhta seo ná €6,410. Bhí formhór na bhfoirmeacha ealaíne sa scéim seo agus bhí leibhéal ard suime ann ó fhéilte ildisciplíneacha agus ceoil chomh maith le huimhir mhéadaithe iarrthóirí ó na healaíona traidisiúnta.
Ag labhairt di inniu, dúirt Úna McCarthy, Ceannaire Féilte: ‘Tá ríméad orm faoin díograis leanúnach atá léirithe ag pobail mórthimpeall na tíre maidir leis na healaíona a chur i láthair agus a chur chun cinn. Is díol misnigh é an fhís agus an uaillmhian a fheiceáil ar fud na bhfoirmeacha ealaíne difriúla agus an muinín atá ag forbairt sna grúpaí seo maidir le féilte a eagrú’.
Beidh Scéim na bhFéilte Beaga de chuid na Comhairle Ealaíon ag déanamh dara babhta tairiscintí don bhliain 2008 - (i gcomhair féilte atá ag tarlú sa dara leath den bhliain seo) agus is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé hAoine 29 Feabhra 2008.