Déanann an Chomhairle Ealaíon/the Arts Council comhghairdeas le John McCloskey, stiúrthóir an scannáin ghairid Crumblegiant a ainmníodh le haghaidh British Academy Film Award (BAFTA) don Bheochan Ghairid is Fearr.
Rinneadh The Crumblegiant, a léirigh Pearse Moore ó Raw Nerve Productions, mar chuid den scéim scannáin ghairid beoite de chuid Frameworks, atá maoinithe ag an Chomhairle Ealaíon i gcomhar le Bord Scannán na hÉireann agus RTÉ.
Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Éacht iontach é seo do John, Pearse agus dá bhfoireann. Arís eile feictear beochantóirí na hÉireann chun tosaigh sa nuálaíocht agus sa scéalaíocht."
Cuirfear na gradaim BAFTA i láthair ag searmanas a chraolfar ar an teilifís ar 10 Feabhra .