Bhí an Chomhairle Ealaíon ina hóstach ar fháiltiú tráthnóna inniu (Déardaoin) chun The Poet's Chair a sheoladh, leabhar a dhéanann ceiliúradh ar an gcéad naoi mbliana de Chathaoir Filíochta na hÉireann.
Is éard atá sa leabhar ná aistí leis na triúr filí ar bronnadh Cathaoir Filíochta na hÉireann orthu roimhe seo, John Montague, Nuala Ní Dhomhnaill agus Paul Durcan, a bhí ar fad i láthair. Bhí Michael Longley, an ceathrú Cathaoirleach, a ceapadh le déanaí, i láthair chomh maith. Ba é Seamus Heaney, buaiteoir na duaise Nobel, a chum brollach an leabhair.
Bhunaigh An Chomhairle Ealaíon, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cathaoirleacht Filíochta na hÉireann mar cheiliúradh ar an méid suntasach a chuir filí na hÉireann le saol na litríochta.
Ag labhairt le linn na hócáide, dúirt Olive Braiden, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "Tá Cathaoir Filíochta na hÉireann anois mar chuid lárnach de shaol liteartha na tíre, agus mar sin tar sé thar a bheith tráthúil a céad naoi mbliana a cheiliúradh leis an bhfoilseachán iontach seo ón Lilliput Press. Thar ceann na Comhairle Ealaíon, cuireann sé áthas mór orm gach rath a ghuí ar an leabhar."