Cuireann an Chomhairle Ealaíon a brón in iúl ar bhás an aisteora iomráitigh Tom Murphy.
Tá mór-aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil di faoi bhás an aisteora Tom Murphy, a bhí 39 bliana d'aois.
Bhuaigh Tom an gradam is airde i dtéatar Mheiriceá, an Tony award, nuair a ainmníodh é ar an ngné-aisteoir is fearr dá léiriú ar 'Ray Dooley' i The Beauty Queen of Leenane le Martin McDonagh. Chomh maith le bheith ina aisteoir téatair a raibh iomrá air, bhí Murphy fíor-chruthanta mar aisteoir scáileáin; agus i measc na gcreidiúintí aige tá Adam and Paul, Man about Dog, Intermission, Pure Mule agus Small Engine Repair.
Ag labhairt di mar gheall ar an gcailliúint, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Is mór an chailliúint í bás Tom Murphy don saol ealaíon. Ghnóthaigh sé moladh go hidirnáisiúnta mar aisteoir den scoth agus tá tionchar marthanach fágtha aige dóibh siúd a raibh cion acu air. Aireofar uainn go mór é agus déanaimid comhbhrón ó chroí lena theaghlach".