Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon comhghairdeas a ghabháil anocht leis an scríbhneoir Ann Enright atá tar éis an Man Booker Prize 2007 a thabhairt léi dá húrscéal The Gathering.
Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Is éacht iontach é seo agus is onóir mhór é d'Anne Enright, duine a bhfuil a tiomantas do cheird na scríbhneoireachta ríthábhachtach. Rud suntasach faoi, ná go ndíríonn sé an spotsolas idirnáisiúnta ar shaothar Enright agus ar litríocht na hÉireann tríd is tríd - seo an dara huair le trí bliana anuas duais a bheith buaite ag Éireannach - agus beidh tionchar aige ó thaobh feasacht a ardú faoi shaibhreas na tallainne liteartha atá ag teacht amach as Éirinn i gcónaí".