Tá an Chomhairle Ealaíon, gníomhaireacht Rialtas na hÉireann um fhorbairt na n-ealaíon, thar a bheith sásta a cinntí faoina clár maoinithe nua, Deontais do Chláir Bhliantúla, a fhógairt inniu. Tugadh an clár seo isteach don chéad uair i mbliana mar chuid de thiomantas na Comhairle Ealaíon sa Chomhpháirtíocht ar son na nEalaíon cláir mhaoinithe a oiriúnú "chun freagairt do scála, cineál agus riachtanais na n-eagraíochtaí ealaíon".
Cuireann Deontais do Chláir Bhliantúla airgead ar fáil chun cabhrú le híoc as costais ghníomhaíochtaí ealaíonta sonracha a bhíonn á ndéanamh ag eagraíochtaí, in ionad íoc as costais riaracháin leanúnacha. Príomhghné den chlár nua ná go gcuirtear maoiniú ar fáil roimh ré, rud a chabhróidh le heagraíochtaí a fhaigheann maoiniú a ngníomhaíochtaí a réamhphleanáil. Tá an clár Deontais do Chláir Bhliantúla mar chuid de shraith clár nua maoinithe le haghaidh eagraíochtaí ealaíon atá á tabhairt isteach faoi láthair agus a dearadh chun a bheith curtha in ionad an chláir mhaoinithe ioncaim atá á scor anois.
Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Dearadh ár nDeontais nua do Chláir Bhliantúla ar dhroim aiseolais ón bpobal ealaíon agus táimid thar a bheith sásta a bheith in ann maoiniú a chur ar fáil do na heagraíochtaí seo in 2007 le haghaidh gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl in 2008".