Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon maoiniú os cionn €1.5m le haghaidh tionscadal ealaíne i ngach aon Fhoirm Ealaíne.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon maoiniú a fhógairt i gcomhair an chéad bhabhta de Tionscadail: Saothair Nua, Tionscadail: Aonuaire, agus Coimisiúin le haghaidh 2007.
Is clár maoinithe nua é Tionscadail: Dámhachtain Aonuaire a sheol an Chomhairle Ealaíon i 2006 mar chuid de chur i bhfeidhm Chomhpháirtíocht ar son na nEalaíon. Tá sé mar aidhm aige tacaíocht a chur ar fáil d'ealaíontóirí aonair agus eagraíochtaí chun tionscadail aonuaire a chur i gcrích, ar bhealach solúbtha agus sofhreagrach. Fuair an Chomhairle Ealaíon 100 iarratas i gcomhair an chéad bhabhta de Tionscadail: Aonuaire. Tá maoiniú tairgthe ag an gComhairle Ealaíon do 37 iarratasóir ar fiú €898,000 é san iomlán.
Mheall Tionscadail: Dámhachtain Saothair Nua, a fhéachann le turgnamhacht agus comhobair a spreagadh, 101 iarratasóir. Tá maoiniú de €438,479 san iomlán tairgthe ag an gComhairle Ealaíon do 18 iarratasóir.
Fuarthas moltaí maidir le coimisiúin nua ó 48 iarratasóir. Tá an Dámhachtain Coimisiún ceaptha chun comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a spreagadh idir raon éagsúil coimisinéirí agus ealaíontóirí. Cuirfidh an Chomhairle Ealaíon maoiniú de €170,000 ar fáil le haghaidh 27 coimisiún.
Ba é a dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Cúis áthais dom gur ghlac ealaíontóirí agus eagraíochtaí chomh fonnmhar leis an gcineál dámhachtana tionscadail seo. Táimid ag cur feabhas i gcónaí ar na deiseanna maoinithe a chuirimid ar fáil agus cabhróidh na dámhachtana seo le healaíontóirí agus eagraíochta