30 Lúnasa 2007: Is oth leis an gComhairle Ealaíon iar-bhall na Comhairle, Tom Munnelly, a bheith ar shlí na fírinne

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás iar-bhall na Comhairle, Tom Munnelly. Bhí an bailitheoir béaloidis agus amhrán traidisiúnta breoite le fada agus fuair sé bás ar maidin.

Bhí sé ina bhall den Chomhairle Ealaíon ó Feabhra 1986 go Nollaig 1988.

Rugadh é i mBaile Átha Cliath i 1944, ach chuir sé faoi go buan i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir i 1978 chun go mbeidh sé in ann breis ama a chaitheamh ag bailiú amhrán traidisiúnta. D’éirigh leis an cnuasach ba cuimsithí d’amhrán traidisiúnta a tiomsaíodh riamh in Éirinn a thaifead.

Ag labhairt di inniu dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Thosaigh Tom Munnelly ag taifead agus ag bailiú amhrán traidisiúnta chomh fada siar le 1964. Staraí sóisialta a bhí ann agus bhain sé leis an líne fada sin de bhailitheoirí iomráiteacha a bhíodh ag saothrú i measc na ndaoine lena n-áirítear Seamus Ennis agus Mícheál Ó Domhnaill. Aireoimid uainn go géar é agus gabhaimid comhbhrón ó chroí lena mhuintir".

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)