17 Lúnasa 2007: Cuireann an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón in iúl ar bhás an chóragrafóra David Gordon

Chuir an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón in iúl ar chloisteáil dóibh faoi bhás David Gordon a fuair bás i gCorcaigh ar maidin tar éis a bheith tinn le fada. Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon,

"Chuir David Gordon go mór le cúrsaí bailé in Éirinn agus bhí tionchar thar cuimse aige ar shaol an rince le breis is cúig bliana déag is fiche. Cuirimid ár gcomhbhrón in iúl dá theaghlach."

Bhain David Gordon scoláireacht amach le dhul chuig an Royal Ballet School nuair a bhí sé 14 bliana. Bhí sé i mbun staidéir ag an Royal Ballet ar feadh roinnt blianta agus bhí sé mar phríomhdhamhsóir ina dhiaidh sin.

Bhog sé go Corcaigh nuair a bunaíodh Compántas Bailé na hÉireann 35 bliain ó shin agus é mar Mháistir Bailé ansin. Bhí sé mar chóragrafaí do léiriúcháin Chompántas Bailé na hÉireann agus Chathair Chorcaí faoi threoir an Dr. Joan Denise Moriarty. D'oibrigh sé ar go leor léiriúchán i dTeach Ceoldráma Chorcaí, Amharclann an Everyman Palace agus in Amharclann Ealaíon Chorcaí. D'oibrigh sé go náisiúnta le Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath agus le féilte éagsúla eile i mBaile Átha Cliath. D'oibrigh sé freisin le ceolchumainn áitiúla i dTrá Lí, Cluain Meala, Luimneach, Mainistir Fhear Maí agus Port Láirge.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)