Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil di faoi bhás Conor Fallon, dealbhóir agus comhalta d'Aosdána. D'éag an tUasal Fallon inné tar éis dó a bheith breoite le fada. D'éag a bhean, Nancy Wynne Jones, a bhí mar chomhalta d'Aosdána freisin, níos luaithe i mbliana.
Ag labhairt di mar gheall ar an gcailliúint, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Is trua leis an gComhairle bás Conor Fallon, a bhí ina dhealbhóir nuálaíoch agus saoithiúil chomh maith le bheith ina rannpháirtí gníomhach i bhforbairt na n-ealaíon in Éirinn trína bhallraíocht in eagraíochtaí ealaíon éagsúla. Tugadh moladh dó don stíl tógálachaithe aige maidir le dealbhóireacht agus bhí an-mheas air mar phéintéir chomh maith. Chinntigh an dianghrá a bhí aige don dúlra, agus go háirithe ríocht na n-ainmhithe, gur chruthaigh sé corpas saothair iontach ar chapaill, éin, giorriacha agus ar ainmhithe eile, saothair atá le feiceáil i mórán bailiúcháin phríobháideacha agus phoiblí. Is cailliúint mhór a bhás d'ealaín na hÉireann agus tá ár smaointe lena leanaí John agus Bridget."
Rugadh Conor i mBaile Átha Cliath i 1939, agus tógadh é i gCo. Loch Garman. Ba é an tríú mac leis an bhfile Pádraic Fallon. Thosaigh sé ag péinteáil i 1957 nuair a bhí sé ina mhac léinn in Ollscoil na Tríonóide, Baile Átha Cliath. D'aistrigh sé go Corn na Breataine i 1965.
Le spreagadh an dealbhóra Denis Mitchell, chas sé de réir a chéile i dtreo chúrsaí dealbhóireachta, lena chéad taispeántas i Newlyn Orion sa bhliain 1972, an bhliain inar fhill sé féin agus a bhean ar Éirinn.
Bhí an chéad taispeántas aonair in Éirinn aige san Emmett Gallery i 1977 le taispeántais aonair eile aige ag Lad Lane Gallery (1978); Taylor Galleries (1984, 90, 93, 97); agus Sligo Art Gallery (1994).
Bhí comhthaispeántas aige le Seán McSweeney i nGailearaí Gallchóireach Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1996, a chuaigh ar camchuairt mórthimpeall na hÉireann ina dhiaidh sin agus taispeántas aonair sa Theo Waddington Fine Art i 1997. Toghadh é mar chomhalta d'Acadamh Ríoga na hÉireann i 1989, agus bhí dhá théarma comhlíonta aige mar Rúnaí ar Acadamh Ríoga na hÉireann. Rinneadh comhalta onórach dó sa bhliain 2004.
Bronnadh Bonn Óir an Oireachtais sa Dealbhóireacht air i 1980, agus Comhlachas Onórach an Choláiste Náisiúnta Ealaíon agus Deartha i 1993.
I measc na gcoimisiún poiblí aige bhí Ospidéal Naomh Pádraig, Irish Life, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Independent Newspapers.