Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon an tríú grúpa eagraíochtaí a bheidh rannpháirteach i dTurgnamh na Camchuairte a fhógairt. Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon é Turgnamh na Camchuairte. Tionscadal taighde dhá bhliain atá i gceist atá deartha chun beartas camchuairteanna na todhchaí a mhúnlú agus a fhorbairt i bPoblacht na hÉireann. Cuirfidh Turgnamh na Camchuairte a chuid moltaí faoi bhráid na Comhairle Ealaíon go luath sa bhliain 2008.
Faoin tríú babhta agus an babhta deiridh seo, agus i ndiaidh breis is 38 Nochtadh Spéise a bheith curtha isteach, breithníodh sé thogra fichead mionsonraithe atá ag lorg c. €650K ar an iomlán. Ciallaíonn cinneadh na Comhairle Ealaíon go bhfuil os cionn €280k tairgthe anois do chúig chuideachta déag eile agus d'ealaíontóirí aonair i gcúig cinn d'fhoirmeacha ealaíne. Is ionann mar sin an t-iomlán atá leithroinnte ag an gComhairle Ealaíon do Thurgnamh na Camchuairte agus €2.1m.
Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Tá an tríú agus an babhta deiridh de Thurgnamh na Camchuairte tugtha chun críche anois agus beidh lucht féachana ar fud na tíre ag tnúth le roinnt seónna den scoth a fheiceáil. Beimid ag iarraidh aiseolas ó roinnt de na daoine a mbeidh baint acu leis an turgnamh: lucht féachana, taibheoirí, cuideachtaí agus ionaid. Tá muinín againn go mbeidh an Chomhairle Ealaíon in ann clár turasóireachta bríomhar a thairiscint chomh luath is a bhíonn measúnú déanta ar gach a bhaineann leis an turgnamh. Beidh an Chomhairle ag iarraidh ar an Rialtas €100 milliún a infheistiú sna healaíona i 2008 chun camchuairteanna d'ardchaighdeán a chur ar bun i ngach foirm ealaíne.”
Is tionscnamh é Turgnamh na Camchuairte a fheidhmíonn Iontaobhas Cultúrtha Bharra an Teampaill i gcomhar le hInstitiúid Amharclannaíochta na hÉireann ar son na Comhairle Ealaíon.