31 Iúil 2007: Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le scannánóirí ar glacadh leo ag féile scannán

Rinne an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Matthew Talbot-Kelly, a stiúraigh an gearrscannán “Blind Man’s Eye” agus ar tugadh cuireadh dó páirt a ghlacadh i bhFéile Scannán Idirnáisiúnta na Veinéise a bhfuil clú agus cáil uirthi.

Ba é Neil Leyden a scríobh agus ba é Michael Algar a léirigh an scannán beochana seo a fuair maoiniú faoin scéim 'Frameworks' ón gComhairle Ealaíon, Bord Scannán na hÉireann and RTE agus is é seo an t-aon scannán Éireannach sa chomórtas. 

Fad sé nóiméad atá sa scannán seo a úsáideann ardteicnící beochana chun scéal a insint faoi smaointe osréalacha seanfhir agus é ina shuí ar an trá is ansa leis.

Ag labhairt di faoin ngaisce seo dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Is mór an t-éacht atá déanta ag Matthew Talbot-Kelly agus a fhoireann. Tá scannánóirí agus beochantóirí na hÉireann amuigh chun tosaigh maidir le scéalaíocht nuálaíoch agus is sampla cruthanta dá saothar an scannán seo. Cúis ríméid don Chomhairle Ealaíon go raibh páirt acu i saothar Matthew a chur os comhair lucht féachana an Domhain ag Féile Scannán na Veinéise."

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)