02 Lúnasa 2007: Aiféala ar an gComhairle Ealaíon faoi bhás Tommy Makem

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás an amhránaí tíre Tommy Makem a cailleadh ina bhaile i New Hampshire i SAM.

Ar labhairt di faoina bhás dúirt an Stiúrthóir Ealaíon, Stephanie O’Callaghan: “Cailleadh tubaisteach do cheol na hÉireann é bás Tommy Makem. Bhí sé ar dhuine de na ceoltóirí tíre ba mhó tallann a bhí in Éirinn riamh agus ba mhó a chuaigh i gcion ar dhaoine.  Bhí stíl uathúil ceoil aige a léirigh sé ar fud an domhain agus mhuscail sé grá di i gcroíthe na sluaite.  Aireoidh siad uathu go mór é.”

Rugadh an t-amhránaí sa Chéide, i gCo. Ard Mhacha. Bhí gairm aige a mhair na scórtha bliain agus d’éirigh thar barr leis ar dhá thaobh an Atlantaigh.

Mac leis an amhránaí clúiteach tíre Sarah Makem ab ea é, chuaigh sé go SAM i 1955 áit ar thosaigh sé ag canadh is ag déanamh ceoil in éineacht leis na Clancy Brothers. Shínigh an bhuíon conradh le Columbia Records agus bhí ceolchoirmeacha in ionaid ar nós Carnegie Hall acu a bhí lán go doras. D'fhág Tommy na Clancys ina dhiaidh sin le gairm aonair a bheith aige mar amhránaí is mar cheoltóir.

Chuaigh sé i gcomhar le Liam Clancy arís mar Makem and Clancy agus d'eisigh siad sraithe ceirníní ar éirigh thar cionn leo sular fhill sé arís ar a chosán aonair i 1988.

Bhí Tommy ina ealaíontóir, ina fhile agus ina scéalaí freisin ach tá an cháil is mó air de bharr amhráin ar nós “The green fields of France” agus “Red is the rose”.

Bhí 74 bliana slánaithe aige.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)