25 Iúil 2007: Cuireann an Chomhairle Ealaíon a brón in iúl ar bhás an bhanaisteora Joan O’Hara

Is mór an brón atá ar an gComhairle Ealaíon mar gheall ar bhás an bhanaisteora Joan O’Hara. Mhair gairmré Joan tuairim is seachtó bliain ar an stáitse agus ar an scáileán agus bheidh dilchuimhne ag daoine uirthi ina ról mar Eunice i ‘Fair City’. Bronnadh gradam an bhanaisteora ab fhearr uirthi le linn Fhéile Dhrámaíochta Bhaile Átha Cliath i 1980 de bharr na páirte a bhí aici sa dráma ‘Dorothy’ le Graham Reid.

Ag labhairt di inniu, dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Mary Cloake: “Bhí Joan O’Hara ar cheann de na haisteoirí ba chumasaí in Éirinn agus clú uirthi de bharr a léirithe tiomanta gan scáth.  Ní fhéadfadh duine a shúile a bhaint di mar aisteoir agus í ag fáisceadh na háilleachta, na rúndiamhrachta agus an ard-ghrinn as a ról.  Is boichte go mór cúrsaí amharclannaíochta na hÉireann dá huireasa. Cuirimid comhbhrón ár gcroí in iúl do mhuintir Joan.”

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)