Is mór an brón atá ar an gComhairle Ealaíon mar gheall ar bhás an iar-bhaill John Wilson, a bhí ina bhall den Chomhairle Ealaíon idir 1993-1998. Fuair an t-iar-Thánaiste agus Aire de chuid Fhianna Fáil bás Dé Luain 9 Iúil 2007.
Rugadh an tUas. Wilson sa Chabhán ar an 8 Iúil 1923, agus fuair sé a chuid oideachais i St Mel’s College, Longfort, Ollscoil Londan agus Ollscoil na hÉireann. Is múinteoir meánscoile a bhí ann i gColáiste Gonzaga chomh maith le bheith ina léachtóir ollscoile. Mar pheileadóir do Chontae an Chabháin bhuaigh sé dhá bhonn Uile-Éireann agus cúig bhonn Chraobh Uladh.
Ag labhairt di inniu, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Bhí a chuid saíochta agus ionbhá mar shainghnéithe den tréimhse a chaith John Wilson ar an gComhairle Ealaíon. Bhí sé mar thacadóir d'fhorbairt réigiúnach na n-ealaíon agus bhí an-tionchar aige ar pholasaí na n-ealaíon, ag tarraingt ar a chuid foghlama clasaicí, an taithí a bhí aige i gcúrsaí polaitíochta agus go háirithe an tréimhse a chaith sé mar Aire Oideachais. Is fear de chuid na hAthbheochana a bhí ann gan dabht ar bith. Cuirimid ár gcomhbhrón in iúl dá bhean Ita agus dá chlann.”