Déanann an Arts Council/An Chomhairle Ealaíon comhghairdeas leis an dearthóir seite Bob Crowley a bhuaigh dhá Dámhachtain Tony – an duais is airde san amharclannaíocht – do The Coast of Utopia agus an ceoldráma Mary Poppins ag na 61ú Dámhachtainí Bliantúla Tony i Nua Eabhrac oíche Domhnaigh.
Ainmníodh Bob Crowley do dhámhachtain Tony trí uair déag agus tá an dámhachtain buaite aige cúig uaire.
Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíona: “Tá comhghairdeas tuillte ag Bob Crowley as ucht a chúigiú dámhachtain Tony a bhuachan. Chruthaigh dearthóirí seite Éireannacha arís agus arís eile go bhfuil obair de chaighdeán idirnáisiúnta ar siúl acu. Tagann na dámhachtainí seo ag tréimhse thar a bheith spreagúil do dhearthóirí seite agus Éire ag ullmhú dá chéad iontráil sa Prague Quadrennial, atá ag ceiliúradh 40 bliain an tseachtain seo chugainn.”