31 Lúnasa 2010: Is oth leis an gComhairle Ealaíon an t-aisteoir, Mick Lally, a bheith ar shlí na fírinne

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás an aisteora Mick Lally, a d’éag inniu.

Dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, "Goileann an scéal uafásach seo faoi bhás Mick Lally go mór orainn go léir.  Cé gur fearr a bheidh aithne ar Mick mar Miley as Glenroe go brách na breithe, beidh an pobal amharclannaíochta faoi bhrón agus faoi bhuairt mar gheall ar ghairmí díograiseach agus cumasach a chailleadh, fear a d’oibrigh i ngach ceann de na hamharclanna móra sa tír.  Ní hamháin go raibh cáil air i saol na teilifíse agus na scannánaíochta, ach bhí Mick ar dhuine de na daoine a bhunaigh Druid Theatre i nGaillimh i 1975 le Garry Hynes agus Marie Mullen.  Ba aisteoir cumasach agus ba dhuine uasal é, agus beidh daoine lasmuigh agus laistigh de phobal na n-ealaíon i gcoitinne buartha faoina bhás."

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)