01 Meán Fómhair 2010: Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair - 2011 (pleanáil mheántéarmach)

Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon scéim nua a fhógairt a thabharfaidh tacaíocht do chamchuairt agus scaipeadh saothair i ngach foirm ealaíne. Is é príomhchuspóir na scéime ná cinntiú go mbeidh rochtain ag lucht féachana ar fud na tíre ar imeachtaí ealaíne ardchaighdeáin.

Is é Sraith 2 an phríomhscéim a mhaoiníonn camchuairteanna in 2011 agus tá sé deartha do phleanáil mheántéarmach.
Tá sé i gceist dhá shraith bhreise a thabhairt isteach in am trátha: sraith do chamchuairteanna ina mbeidh gá le pleanáil fhadtéarmach agus sraith eile do phleanáil ghearrthéarmach ina mbeidh gá le freagra mear. Idir an dá linn, is é pleanáil mheántéarmach an t-aon scéim atá i bhfeidhm do chamchuairt agus scaipeadh saothair in 2011.

Is é 5.30 i.n. ar an Déardaoin 30 Meán Fómhair 2010 an spriocdháta d’iarratais. Táthar ag súil go gcuirfear iarratasóirí ar an eolas maidir le torthaí a gcuid iarratas roimh dheireadh mhí na Samhna 2010.

Tuilleadh eolais

  • Is féidir tuilleadh eolais agus treoirlínte faoin scéim seo a fháil anseo.
Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)