Ta an dámhachtain iomráiteach Magisterium buaite ag an gcumadóir Roger Doyle ó BHAILE ÁTHA CLIATH ag Comórtas Idirnáisiúnta Ceoil Leictreafhuaimiúil Bourges sa Fhrainc - an duais is mó sa domhain do cheol leictreonach.
Tá an dámhachtain oscailte do chumadóirí le 25 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil sa réimse, agus an cuspóir atá léi ná 'spreagadh agus leathadh na saothar ionas go mb'fhéidir go gcríochnóidís mar bhuaicphointí i stair an cheoil leictreafhuaimiúil'.
Tá an ball d'Aosdána, Doyle, tar éis oibriú go cuimsitheach sna réimsí amharclainne, scannáin agus rince agus chonacthas é le déanaí ar stáitse ag Amharclann an Gate san athbheochan de Salome le Oscar Wilde, lenar chum agus sheinn sé an ceol.
Eisíodh Babel, an magnum opus aige, ar shraith 5-Dlúthdhiosca i 1999 agus d'eisigh an Dublin Electronic Arts Festival dlúthdhiosca dúbailte iarghabhálach dá chuid saothair sna 1980aidí le Operating Theatre, an comhlacht ceoil-amharclainne a chomhbhunaigh sé leis an aisteoir Olwen Fouere.